Scéal an Cheannaighe
By Domhnall Carrach Mac Eochaidh
- Source: Leabhar Branach: The Book of the O’Byrnes
- Léamh team: Emmet de Barra, Deirdre Nic Chárthaigh, Brendan Kane, Gregory Darwin
- Description: Crosántacht
- Manuscript: Harvard MS Ir 6 f. 47v
Agus is saobh an siobhal do-rinne ceannuighe críonna do cheannuighthibh Bhaile Átha Cliath ar ndul go Sligeach dhó d’iarraidh fiach do bhí aige ar Ó gConchubhair Sligigh. Agus an oidhche do-chuaidh don bhaile, tángadar buidhion do dheaghaos dána a gceann Í Chonchubhair lé dán ar n-a ghréschuma go fáthamhuil focailghlic. Do héisdeadh an dán agus do díoladh an bhuidhion go daor d’airgead agus d’earraidhibh uaisle onóracha. Agus is eadh adubhairt an ceannuighe an uair do-chonnairc sé a dhaoire do díoladh an dán, “A Í Chonchubhair, is daor cheannchus tusa dán,” ar sé. “Ní daor,” ar Ó Conchubhair, “óir ní thugus a leathluach air fós.” Mar do-chualaidh an ceannuighe sin, táinig go hÁth Cliath tar ais. Agus is gearr ’na dhiaidh sin go ndeachadar buidhion ré dán d’ionnsuighe an cheannuighe do cheannach airm agus éadaigh uaidh. Do fhiafruigh in ceannuighe dhíobh an raibhe dán aca do dhíolfaidís ris féin. Adubhradur-san go raibhe. “Más eadh, ceinneóchad-sa go maith é.” Tug sé deich bpúint dóibh ar an dán do bhí dénta lé forgla chéd bliadhan roimhe sin; agus ‘na dhiaidh sin do ghluais sé leis an dán a gceann Í Chonchubhair Sligigh a ndóigh go ttiubhradh dá uiread a ttug féin air dhó, agus nách dá athair ná dá sheanathair ná do neach do chineadh ná do chlannmhaicne Í Conchubhair do-rinneadh an dán do rug an ceannuighe leis. Agus giodh eadh mar do-chualaidh Ó Conchubhair connradh an cheannuighe, agus a raibhe ris in dán fá n-a chomhair féin dá cheannach uaidhe, tug Ó Conchubhair dá uiread a ttug an ceannuighe ar an dán dó dá chionn, bíodh nách raibhe feidhm aige ris. Agus dar leam-sa is mór do mealladh an ceannuighe do chionn an bhairr aisdir-sin do chur air tar an tí nár éimidh dán ná drécht ná deaghlaoidh dá ttugadh chuige riam, .i. deaghmhac Fiachaidh mhic Aodha, fear ceannsuighthe caibhdhean agus cosanta a cheirt, agus fear congbhála gach deighriaghla.