Foghmhar na bhfileadh fuil Bhrianach
- Léamh team: Ken Ó Donnchú; Emmet de Barra; Deirdre Nic Chárthaigh
- Description: Crosántacht
[10]
Mac Í Bhriain dá ttráighid tonna
an té thagruim
as é an t-aoinfhear rem cheird thogruim
gan fheirg admhuim.
[13]
D’uaill ná d’iomthnúth ná d’fhonn ionnmhuis
ós é ar mbraith-ne
ní leigeabh uaim fear ar bhfeithmhe
gruaidh gheal ghairthe.
[16]
Go Mac Í Bhriain ós dó dlighthear
an dil dreachnáir
béarad lem chuaird go a ghnúis ghuithmhín
cúis shuairc seachráin.
Et as suairc an seachrán ré a fhaisnéis ⁊ re innisin mar ro cheannchadur bráithre Moighe Luirg cead na feola Corghais d’ithe ón chuirr chomhranna do bhí a ttigh Mheic Dhiarmuda Mhoighe Luirg .i. Cobhlach a hainm. Óir do cheannchadur leasdur lobhtha láinbhréan ime uaidhthe, et as amhlaidh do chruinnigh an chailleach chraosainmheach chrapchuisleannach chorpghránna an leasdur ar feadh ⁊ ar foirleithead na cóisreach .i. gach re spólla ime, gearach, ⁊ feola do chur ann. Dála na mbráthar do bhuaileadur ar an leasdur d’ithe Céadaoine an Luaithrigh; ⁊ do ithiodur an t-im go rángadur an fheoil, ⁊ mar fuaradur an fheoil ina bántsaill, do ithiodur mórán di a riocht an ime. Do aithnigheadur na bráithre a n-anntráth gur feoil do bhí aco ⁊ a-dúbhairt fear dhíobh go mallfhocalach míchéadfadhach ‘as feoil seo do dhíol an chailleach rinn a riocht ime‘ ar sé. ‘Dar San Próinsias as eadh‘ ar an tionól uile ‘⁊ do mhill an chailleach go bráth sinn‘ ar siad, ‘as cóir dho Dhia san do chionn ar margála do dhéanamh ré n-a leithéid; ⁊ usacht dúinn im glan d’fhagháil ar airgiod‘ acht cuirid fios ar an ccailligh, ⁊ táinig sí go haimhleasg chuca, ⁊ a-dubhradur go hoirbhireach aithbhéalach: “a chailleach mhallaighthe mhíothrócaireach do mhillis go bráth sinn leis an leasdur úd do reicis rinn‘ ar siadsan, ‘óir as mó d’fheoil, ⁊ do gheir do bhí ann ná dh’im‘. ‘Dar láimh Mheic Dhiarmuda as fíor san‘ ar an chailleach, ‘Dar láimh Mheic Dhiarmuda as fíor san‘ ar an chailleach ‘as dá ttrían feola, ⁊ geire a-tá ann ⁊ níor chuimhnigheasa air ⁊ ó tá a dhearbh agam a-nois caithfe sibh-si fiacha na feola dho thabhairt damh. ⁊ bíodh an gheir leam anmuin ag na bráithribh‘. Do mholsad breitheamhuin na tíre oiread eile a ttugadur ar an leasdur do thabhairt di a-rís a ndíol bhriste an Chorghuis dóibh óir as fa chomhair na Cásga do bhí an fheoil aice; ⁊ ní hé dála na caillighe gruaimgháibhthe gortaighe sin do-dhéanad féin le Donnchadh Ó Briain mac Toirdhealbhaigh Charraigh mheic Thoirdhealbaigh mheic Mhuirchertaigh mheic Dhomhnaill mheic Thaidhg mheic Thoirdhealbaigh mheic Mhurchaidh na Ráithnighe meic Bhriain Ruaidh mheic Dhomhnaill mheic Conchubhair na Siúduine meic Dhonnchadha Chairbrigh mheic Dhomhnaill mhóir mheic Thoirdhealbaigh mheic Dhiarmuda mheic Thoirdhealbaigh mheic Thaidhg mheic Bhriain Bhóroimhe, ó nach raibh do fheoil ná d’im ná d’arán agam féin acht an beagán do rannaibh díoghlama-sa do bhí agam fam chomhair féin, do chuireas chuige-sion iad le toil ⁊ le tromghrádh dhó.
[17]
Mo sgéal sgigeach
Sliabh Mis a mbláthaigh ag bodach
bráthair bradach
Dún Trí Liag ag snámh go Sligeach
ar clár cragach.
[20]
Ceann fine Brianach bruigh déarcach
draig ar dhásacht
tearc dhá dtiubhrainn uaim ar iasacht
gruaidh gan ghnásolc.
[21]
Néall soininne fréimhe ríoghTháil
rún gan fhormad
mogha Í Chais am dhuain gan dearmad
gruaidh thais tonnbhog.