Trí bior-ghaoithe an bháis
- Source: Trí Bior-Ghaoithe an Bháis: The Three Shafts of Death
- Léamh team: Marc Caball, Brendan Kane, Deirdre Níc Chárthaigh, Emmet de Barra
- Description: Devotional tract; 17th century
lines 5356-5367
Bíodh a fhiadhnaise sin ar mhórán d’uaislibh an oiléin se na hÉireann agá ndeachaidh báthadh ar mhórán dá dtighthibh onóracha ionnus nach fuil acht ainbhfine agá n-áitiughadh don chur so 7 iad féin an mhéid maireas dá n-iarmhar i moghsaine 7 i mbochtacht ag íoc uabhair 7 aindlighidh drúise 7 droichbheart fill 7 fionghaile a sean 7 a sinnsear. Gonadh uime sin do-rinne Maolmhuire Ó hUiginn aird-easpog Thuama an rann so:
Fuilngidh Dia dúthaigh a sean
tré anuabhar Mhac Míleadh
críoch ainglidhe fá n-iadh tonn
fá riar ainbhfine eachtronn.
lines 5486-5501
Is eadh tarla don dara fear .i. Rodericus do dhéanamh, dúil do chur i mnaoi iarla onóraigh don Spáinn, 7 an t-iarla do chor ar eachtra don Aiffric. Agus ar mbeith don iarla san eachtra soin tarla don rígh míghníomh do dhéanamh ré mnaoi an iarla. Agus ar bhfilleadh óna thurus don iarla, fuair sgéala an mhíghníomha soin, 7 do-ní gearán 7 éagnach ar an rígh ré huaislibh na Spáinne fán míghníomh sin, 7 do-rinne féin 7 iad féin ceangal ré chéile, 7 do chogradar Múraigh do thabhairt isteach ar an Spáinn. Agus iar gcinneadh ar an gcomhairle sin dóibh, téid an t-iarla tar a ais don Aiffric, 7 tug sluagh líonmhar Múrach leis don Spáinn dá gabháil, 7 tug féin 7 na Múraigh gona ranntaibh cath don rígh Rodericus, gur marbhadh Rodericus 7 urmhór a shluagh san chath, gur ghabhadar na Múraigh orlamhas na Spáinne tuairim chúig céad bliadhain do dhruim an mhíghníomha soin. Agus ní tháinig lorg ná sliocht ar Rodericus san Spáinn ó shoin.