Bás Chon Raoi
- Source: Stories from Keating’s History of Ireland
- Léamh team: Lára Ní Mhaoláin
- Description: Historical tale; 17th century
Is é ní dá dtáinig bás Chon Raoi: coimhéirghe do chuadar curaidh na Craoibhe Ruaidhe d’argain oiléin mhara láimh re hAlbain dá ngairthear Manainn, mar a raibhe iomad óir ⁊ airgid ⁊ iolmhaoine ⁊ iomad do sheóidibh uaisle oile, ⁊ inghean álainn aontumha do chinn ar mhnáibh a comhaimsire i gcruth ⁊ i sgéimh ag tighearna an oiléin. Bláthnaid fá hainm dhi. Agus mar do-chualaidh Cú Raoi na curaidh ag triall san turus soin cuiris é féin tré dhraoidheacht i mbréig-riocht go ndeachaidh san chomhdháil. Agus ar mbeith ar tí airgthe an oiléin dóibh i bhForbhais bhFear bhFálgha, do mheasadar docamhal mór do bheith dhóibh i ngabháil an dúin do bhí san oiléan mar a raibhe Bláthnaid ⁊ seóide uaisle an oiléin uile, ar dhaingne an dúin ⁊ ar iomad draoidheachta na druinge do bhí ‘gá chosnamh.
Is ann sin adubhairt Cú Raoi do bhí i riocht fhir an bhruit lachtna dá bhfaghadh rogha seóid dá raibhe san dún go ngéabhadh féin an dún dóibh. Geallais Cú Chulainn sin dó ⁊ leis sin tugadar ucht ar an dún ⁊ fear an bhruit lachtna ‘na dtosach gur fastódh an roth geintlidhe do bhí ar siubhal ar dhorus an dúnaidh leis, gur léig cách isteach, gur hairgeadh an dún leó, ⁊ go dtugsad Bláthnaid ⁊ a raibhe do sheóidibh uaisle ann as. Triallaid as sin i nÉirinn go rochtain Eamhna dhóibh ⁊ ar mbeith ag roinn na séad dóibh, iarrais fear an bhruit lachtna rogha seóid, amhail do gealladh dó.
Do-ghéabhair ar Cú Chulainn.
Más eadh, ar sé, is í Bláthnaid mo rogha do na seóidibh.
Do rogha do na seóidibh oile dhuit, ar Cú Chulainn, acht Bláthnaid amháin.
Ní ghéabh a malairt, ar fear an bhruit lachtna.
Leis sin iarrais Cú Raoi árach ar Bhláthnaid d’fhuadach, go dtug amus ós íseal uirre, go rug leis í i gcealltair dhraoidheachta.