Bás Chon Raoi

Is é dtáinig bás Chon Raoi: coimhéirghe do chuadar curaidh na Craoibhe Ruaidhe d’argain oiléin mhara láimh re hAlbain ngairthear Manainn, mar a raibhe iomad óir airgid iolmhaoine  iomad do sheóidibh uaisle oile, inghean álainn aontumha do chinn ar mhnáibh a comhaimsire i gcruth i sgéimh ag tighearna an oiléin. Bláthnaid hainm dhi. Agus mar do-chualaidh Raoi na curaidh ag triall san turus soin cuiris é féin tré dhraoidheacht i mbréig-riocht go ndeachaidh san chomhdháil. Agus ar mbeith ar airgthe an oiléin dóibh i bhForbhais bhFear bhFálgha, do mheasadar docamhal mór do bheith dhóibh i ngabháil an dúin do bhí san oiléan mar a raibhe Bláthnaid  seóide uaisle an oiléin uilear dhaingne an dúin ar iomad draoidheachta na druinge do bhí ‘gá chosnamh.

Is ann sin adubhairt Raoi do bhí i riocht fhir an bhruit lachtna bhfaghadh rogha seóid raibhe san dún go ngéabhadh féin an dún dóibh. Geallais Chulainn sin leis sin tugadar ucht ar an dún fear an bhruit lachtna ‘na dtosach gur fastódh an roth geintlidhe do bhí ar siubhal ar dhorus an dúnaidh leis, gur léig cách isteach, gur hairgeadh an dún leó, go dtugsad Bláthnaid a raibhe do sheóidibh uaisle ann asTriallaid as sin i nÉirinn go rochtain Eamhna dhóibh ar mbeith ag roinn na séad dóibhiarrais fear an bhruit lachtna rogha seóid, amhail do gealladh .

Do-ghéabhair ar Chulainn.

Más eadhar , is í Bláthnaid mo rogha do na seóidibh.

Do rogha do na seóidibh oile dhuitar Chulainn, acht Bláthnaid amháin.

ghéabh a malairtar fear an bhruit lachtna.

Leis sin iarrais Raoi árach ar Bhláthnaid d’fhuadach, go dtug amus ós íseal uirre, go rug leis í i gcealltair dhraoidheachta.

-->

Bodach an Chóta Lachtna

Is ann sin do thrialladar tar a n-ais haithristear a n-eachtra a n-imtheachta go rángadar mar a raibh fiana Éireann, an uair do-chonncadar Bodach an Chóta Lachtna ar an inneall ar an ordughadh-sin a raibh , raibh duine aca nach raibh iongnadh aige a shamhail do dhuine d’fhaicsin, óir fhacadar a shamhail a-riamh roimhe, budh lúthgháireach lánmheanmnach leó Fionn do theacht tar ais. Is ann sin do tháinig Caol an Iarainn do láthair Fhinn, d’fhiafraigh dhe an dtug leis an fear do rithfeadh ris féin. D’innis Fionn dho go dtug, go raibh  ar an láthair-sin aige, do thaisbéin an Bodach do Chaol an Iarainn iar bhfaicsin Bodaigh an Chóta Lachtna don ghaisgeadhach dob iongnadh adhbhal budh machtna meanmna leis a shamhail d’fhaicsin, a-dubhairt nach rachadh féin do chommóradh gaisgidh reatha lena shamhail do bhodach smearaighthe ghránna choidhche. Arna chlos sin don bhodach do-rinne glafar garbhgháire a-dubhairt re Caol an Iarainn: ‘A-tá meallta dom thaoibh-se a ghaisgidhigh,’ ar , ‘óir an duine shaoileas do bheith agad, do-ghéabha  cruthadh fírinneach mo ghlóir-se sul dtí tráthnóna ‘márach, tabhair sgéala damhsa céard é fad na sgríbe is mian leat do chur romhad dochum reatha, mur siubhla mise an tslighe-sin leatsa is cosmhail gur leat breith do ghill; mar an gcéadna, go mbeidh geall reatha agamsa uaitse, is deimhin gurab ortsa caill do ghill.’ ‘Táim sásda go leór,’ ar Caol an Iarainn, ‘ara labhrann , acht háil liom níos lugha trí fichid míle do bhealach a bheith do sgríb reatha againn.’ ‘Is maith mar a-tá,’ ar Bodach an Chóta Lachtna, ‘trí fichid míle go cinnte ó Shliabh Luachra na Mumhan go Binn Éadair, mur bhfaice tusa go rithfe mise an tslighe-sin leatsa, tuilleadh más í do thoil é, is leatsa breith do ghill gan imreas.’

-->

Foghmhar na bhfileadh fuil Bhrianach

[10]

Mac Í Bhriain ttráighid tonna
an thagruim
as é an t-aoinfhear rem cheird thogruim
gan fheirg admhuim.

[13]

D’uaill d’iomthnúth d’fhonn ionnmhuis
ós é ar mbraith-ne
leigeabh uaim fear ar bhfeithmhe
gruaidh gheal ghairthe.

[16]

Go Mac Í Bhriain ós dlighthear
an dil dreachnáir
béarad lem chuaird go a ghnúis ghuithmhín
cúis shuairc seachráin.

 

Et as suairc an seachrán a fhaisnéis re innisin mar ro cheannchadur bráithre Moighe Luirg cead na feola Corghais d’ithe ón chuirr chomhranna do bhí a ttigh Mheic Dhiarmuda Mhoighe Luirg .i. Cobhlach a hainm. Óir do cheannchadur leasdur lobhtha láinbhréan ime uaidhthe, et as amhlaidh do chruinnigh an chailleach chraosainmheach chrapchuisleannach chorpghránna an leasdur ar feadh ar foirleithead na cóisreach  .i. gach re spólla ime, gearach, feola do chur ann. Dála na mbráthar do bhuaileadur ar an leasdur d’ithe Céadaoine an Luaithrigh; do ithiodur an t-im go rángadur an fheoil, mar fuaradur an fheoil ina bántsailldo ithiodur mórán di a riocht an ime. Do aithnigheadur na bráithre a n-anntráth gur feoil do bhí aco a-dúbhairt fear dhíobh go mallfhocalach míchéadfadhach ‘as feoil seo do dhíol an chailleach rinn a riocht imear . Dar San Próinsias as eadhar an tionól uile    do mhill an chailleach go bráth sinnar siad, ‘as cóir dho Dhia san do chionn ar margála do dhéanamh n-a leithéid; usacht dúinn im glan d’fhagháil ar airgiod‘ acht cuirid fios ar an ccailligh, táinig go haimhleasg chuca, a-dubhradur go hoirbhireach aithbhéalach: “a chailleach mhallaighthe mhíothrócaireach do mhillis go bráth sinn leis an leasdur úd do reicis rinnar siadsan, ‘óir as d’fheoil, do gheir do bhí ann dh’im‘. Dar láimh Mheic Dhiarmuda as fíor sanar an chailleachDar láimh Mheic Dhiarmuda as fíor san‘ ar an chailleach ‘as ttrían feola, geire a-tá ann níor chuimhnigheasa air ó a dhearbh agam a-nois caithfe sibh-si fiacha na feola dho thabhairt damh. bíodh an gheir leam anmuin ag na bráithribh‘. Do mholsad breitheamhuin na tíre oiread eile a ttugadur ar an leasdur do thabhairt di a-rís a ndíol bhriste an Chorghuis dóibh óir as fa chomhair na Cásga do bhí an fheoil aice; dála na caillighe gruaimgháibhthe gortaighe sin do-dhéanad féin le Donnchadh Ó Briain mac Toirdhealbhaigh Charraigh mheic Thoirdhealbaigh mheic Mhuirchertaigh mheic Dhomhnaill mheic Thaidhg mheic Thoirdhealbaigh mheic Mhurchaidh na Ráithnighe meic Bhriain Ruaidh mheic Dhomhnaill mheic Conchubhair na Siúduine meic Dhonnchadha Chairbrigh mheic Dhomhnaill mhóir mheic Thoirdhealbaigh mheic Dhiarmuda mheic Thoirdhealbaigh mheic Thaidhg mheic Bhriain Bhóroimhe, ó nach raibh do fheoil d’im d’arán agam féin acht an beagán do rannaibh díoghlama-sa do bhí agam fam chomhair féin, do chuireas chuige-sion iad le toil le tromghrádh dhó.

 

[17]

Mo sgéal sgigeach
Sliabh Mis a mbláthaigh ag bodach
bráthair bradach
Dún Trí Liag ag snámh go Sligeach
ar clár cragach.

[20]

Ceann fine Brianach bruigh déarcach
draig ar dhásacht
tearc dhá dtiubhrainn uaim ar iasacht
gruaidh gan ghnásolc.

[21]

Néall soininne fréimhe ríoghTháil
rún gan fhormad
mogha Í Chais am dhuain gan dearmad
gruaidh thais tonnbhog.

 

 

-->

Marbhadh Chloinne hUisnigh

Is fada iomorra do bhí cogadh coinbhliocht idir Chonnachtaibh Ultaibh linn Mheidhbhe do bheith i gceannas Connacht Chonchubhair ‘na rígh UladhIonnus cheana go mbeith fios fátha na heasaonta tarla eatorra agat, a léaghthóir, cuirfead síos ann so mar do marbhadh Clann Uisneach tar slánadh tar choimirce Fhearghusa mheic Róigh Chormaic Con-Loingeas Dubhthaigh Daol Uladh. Ag so síos go cumair éirim na heachtra.

n-aon iomorra ndeachaidh Conchubhar, Uladh, do chaitheamh fleidhe go teach Fheidhlimidh mhic Daill, sgéalaighe Chonchubhair, linn na fleidhe sin rug bean Fheidhlimidh inghean álainn, do-rinne Cathbhaidh Draoi, do bhí san chomhdháil an tan sin, tuar tairngire don inghin, go dtiocfadh iomad dochair díotha don chóigeadh toisg. Arna chlos sin don laochraidh, do thogradar a marbhadh do láthair.

déantar, ar Conchubhar, acht béaraidh mise liom í, cuirfead ar oileamhain í, go raibhe ‘na haon-mhnaoi agam féin.

Deirdre do ghairm an draoi Cathbhaidh dhi. Do chuir Conchubhar i lios ar leith í, oide buimeach hoileamhain, lamhadh neach don chóigeadh dol ‘na láthair acht a hoide a buimeach ban-cháinteach Chonchubhair, ngairthí Leabharcham. Do bhí ar an ordughadh soin go beith ionnuachair dhi, gur chinn ar mhnáibh a comhaimsire i sgéimh.

Tarla iomorra hoide laogh do mharbhadh proinn d’ollmhughadh dhise sneachta, iar ndortadh fhola an laoigh san sneachta, cromais fiach dubh hól. Agus mar thug Deirdre sin haire, adubhairt Leabharchaim gomadh maith féin fear do bheith aice ar a mbeidís na trí datha at-chonnairc, mar atá, dath an fhéich ar a fholt, dath fola laoigh ar a ghruaidh, dath an tsneachta ar a chneas.

Atá a shamhail sin d’fhior, ráittear Naoise mhac Uisneach, i bhfochair Chonchubhair san teaghlach.

Más eadh, a Leabharcham, ar , guidhim-se thusa fána chor dom agallaimh féin gan fhios.

 

 

-->

Pairlement Chloinne Tomáis (The Parliament of Clan Thomas)

Feacht n-aon dár fhás comhéirghe agas coinbhliocht coguidh eidir na déeibh ifrionnda fhios cia dhíobh do áitreabhfadh an fearann eidir Sruth Stix agas Sruth Acheron, agas do choimhthionóladar na geinte ifrionnda as gach áitreabh a rabhadar ar bhrú Srotha Stix, agas as iad so fa hárdtaoisig acu, eadhon Belsebub agas Abíron agas Sátan; agas do fearadh cath créachtach crólinnteach eaturra, madhmus an cath ar Bhelsebub gona mhuinntir, agas do dhíothchuireadar cách iad fa ioltuathuibh na talmhan agas fa chríochuibh an domhuin mhóir, do lot agas do lánmhilleadh toraidh na talmhan ar na cineadhachuibh go comhchoitchionn.

Ro leathnuigheadar na cineoil dheamhnuighe sin fan gcruinne gceathardha go coimhleathan haghmhilleadh. Do bhí mac ag an mBeilsebub sin darbh ainm Dracapéist, mac do sin Lóbus Laghrach, mac do sin Liobur Lobhtha. Do bhádur sin ag aghmhilleadh bfhear nÉirionn go haimsir Laoghaire mhic Néill Naoighiallaigh do bheith a bfhlaithios Éirionn; agas do bhí taoiseach toirteamhuil tromchonáigh re tórrumh le treabhaireacht ag Laoghaire, eadhon Bladhorrnn Bréanánach mac Palcamais; agas do bhí inghean ag an mBladhorrnn sin, eadhon Beistea a hainm, agas do pósadh le Liobur Lobhtha í, ro geineadh clann iomdha eaturra; do bhí mac don chloinn sin do dhearrsgnuidh ar fhuathmhuireacht ar ainmheasardhacht an cineadh ó dtáinig .i. Tomás Mór modurrtha mísgiamhach mac Liobair Lobhtha.

As í sin uair aimsior tháinig Pádruig an Éirinn go sruithibh iomdha leis do shíolchur chrábhaidh chreidimh eidir na geintibh geinntlighe do bhí an Éirinn an tan sin. Is annsin do thionóil Pádruig sruithe agas naoimh Éirionn chum aonbhuill as a haithle, agas as í comhairle do-rónsad: na hiolchineoil diabhulda uile do dhíthchur a hÉirinn; agas do ghabhsad agá gcomhfhógradh as gach áit a rabhadar go mullach Cruaiche Pádruig, agas do dhíbir Pádruig iad go Loch na nDeamhan, acht Tomás amháin; is uime nár cuireadh Tomás leo, air a bheith a dtaoibh a mháthar don chineadh cholladha dhaonna, agas don chineol deamhnuidhe a athair.

-->

Scéal an Cheannaighe

Agus is saobh an siobhal do-rinne ceannuighe críonna do cheannuighthibh Bhaile Átha Cliath ar ndul go Sligeach dhó d’iarraidh fiach do bhí aige ar Ó gConchubhair Sligigh. Agus an oidhche do-chuaidh don bhaile, tángadar buidhion do dheaghaos dána a gceann Í Chonchubhair dán ar n-a ghréschuma go fáthamhuil focailghlic. Do héisdeadh an dán agus do díoladh an bhuidhion go daor d’airgead agus d’earraidhibh uaisle onóracha. Agus is eadh adubhairt an ceannuighe an uair do-chonnairc a dhaoire do díoladh an dán, “A Í Chonchubhair, is daor cheannchus tusa dán,” ar . “ daor,” ar Ó Conchubhair, “óir thugus a leathluach air fós.” Mar do-chualaidh an ceannuighe sin, táinig go hÁth Cliath tar ais. Agus is gearr ’na dhiaidh sin go ndeachadar buidhion dán d’ionnsuighe an cheannuighe do cheannach airm agus éadaigh uaidh. Do fhiafruigh in ceannuighe dhíobh an raibhe dán aca do dhíolfaidís ris féin. Adubhradur-san go raibhe. “Más eadh, ceinneóchad-sa go maith é.” Tug deich bpúint dóibh ar an dán do bhí dénta forgla chéd bliadhan roimhe sin; agus ‘na dhiaidh sin do ghluais leis an dán a gceann Í Chonchubhair Sligigh a ndóigh go ttiubhradh uiread a ttug féin air dhó, agus nách athair sheanathair do neach do chineadh do chlannmhaicne Í Conchubhair do-rinneadh an dán do rug an ceannuighe leis. Agus giodh eadh mar do-chualaidh Ó Conchubhair connradh an cheannuighe, agus a raibhe ris in dán n-a chomhair féin cheannach uaidhe, tug Ó Conchubhair uiread a ttug an ceannuighe ar an dán chionn, bíodh nách raibhe feidhm aige ris. Agus dar leam-sa is mór do mealladh an ceannuighe do chionn an bhairr aisdir-sin do chur air tar an nár éimidh dán drécht deaghlaoidh ttugadh chuige riam, .i. deaghmhac Fiachaidh mhic Aodha, fear ceannsuighthe caibhdhean agus cosanta a cheirt, agus fear congbhála gach deighriaghla.

-->

Trí bior-ghaoithe an bháis

lines 5356-5367

Bíodh a fhiadhnaise sin ar mhórán d’uaislibh an oiléin se na hÉireann agá ndeachaidh báthadh ar mhórán dtighthibh onóracha ionnus nach fuil acht ainbhfine agá n-áitiughadh don chur so 7 iad féin an mhéid maireas n-iarmhar i moghsaine 7 i mbochtacht ag íoc uabhair 7 aindlighidh drúise 7 droichbheart fill 7 fionghaile a sean 7 a sinnsear. Gonadh uime sin do-rinne Maolmhuire Ó hUiginn aird-easpog Thuama an rann so:

Fuilngidh Dia dúthaigh a sean

tré anuabhar Mhac Míleadh

críoch ainglidhe n-iadh tonn

riar ainbhfine eachtronn.

 

lines 5486-5501

Is eadh tarla don dara fear .i. Rodericus do dhéanamh, dúil do chur i mnaoi iarla onóraigh don Spáinn, 7 an t-iarla do chor ar eachtra don Aiffric. Agus ar mbeith don iarla san eachtra soin tarla don rígh míghníomh do dhéanamh mnaoi an iarla. Agus ar bhfilleadh óna thurus don iarla, fuair sgéala an mhíghníomha soin, 7 do-ní gearán 7 éagnach ar an rígh huaislibh na Spáinne fán míghníomh sin, 7 do-rinne féin 7 iad féin ceangal chéile, 7 do chogradar Múraigh do thabhairt isteach ar an Spáinn. Agus iar gcinneadh ar an gcomhairle sin dóibh, téid an t-iarla tar a ais don Aiffric, 7 tug sluagh líonmhar Múrach leis don Spáinn gabháil, 7 tug féin 7 na Múraigh gona ranntaibh cath don rígh Rodericus, gur marbhadh Rodericus 7 urmhór a shluagh san chath, gur ghabhadar na Múraigh orlamhas na Spáinne tuairim chúig céad bliadhain do dhruim an mhíghníomha soin. Agus tháinig lorg sliocht ar Rodericus san Spáinn ó shoin.