A naomhMuire, a mháthair Dé
[1]
A naomhMuire, a mháthair Dé,
guidh liom féin an peacach bocht,
a-nois agus uair mo bháis
is cruaidh an cás a-tá a-nocht.
[2]
Guidh go díochra do mhac féin
fa bheith dod réir, a ghnúis ghlan,
m’fhóirighthin ós é do mhian
guidh dod réir go mbiadh do mhac.
[3]
Guidh an t-athair ’s an sbiorad naomh
a-rís im thaobh, a ghrian bhan,
trí pearsana is aoinDia a-mháin,
guidh an ríghthriath slán dom char.
[4]
Díoghaltas díbhfeirge Dé—
ní hiongnadh é an uamhain orm—
ler thuilleas fala agus fíoch,
muna dtaga dhíot a chur thorm.
[5]
Seacht bpeacaidh marbhthacha im chlí,
fuaradar slí gidh cumhang an treabh,
’s comhachta ar an méid budh liom,
gan tréan ós a gcionn im chreat.
-->
Innisim fís is ní fís bhréige í.
Le ar súile dúinn ba léir í,
le mo chluasa do-chualas féin í,
í ní cheilim, deirim, déarad.
5
Lá dá rabhas ar maidin am aonar
annsa Róimh ar órchnoc Céphas,
lán do ghruaim ar uaigh na nGaol san,
sínte ar lic ag sileadh déara,
fá bhfuil dias dob’ fhial fá shéadaibh,
10
le n-ar ghrámhar ábhar m’éagnaigh,
Iarla mór Thíre Eoghain Néill mhir
is Ó Domhnaill na n-órlann bhfaobhrach,
an tráth do shíleas sgíth do dhéanamh,
cé do chífinn ar mhaoilinn an tsléibhe
15
acht fíormhaighdean bhraighidgheal bhéasach
do bhain an bárr go bráth do Vénus
is do Mhinerva i ndeilbh ‘s i ndéanamh.
Is maith do figheadh a braoithe caola,
do bhí an t-ór i meón a céibhe,
20
do bhí an sneachta ‘s a’ lasair ‘na héadan.
Adubhairt liomsa san mball chéadna
do ghlór mhilis ba bhinne ná téada
druidim suas ó uaigh na dtréinfhear.
Ba fada a caoi ‘s a croidhe dá réabadh.
-->
Brian Ó Ruairc mo rogha leannán
[1]
Brian Ó Ruairc mo rogha leannán
lór a bhuga ag bronnadh séad;
‘s is lór a chruas i gcrú chaoilshleagh,
an cnú do chnuas Ghaoidheal nGréag.
[2]
Murchadh mhac Briain, bradán Sionna,
samhail Í Ruairc ó Raith Té;
nó Niall Caille nár éar aoinfhear,
déar aille na n-aoigheadh é.
[3]
Rí Calraighe na gcreach líonmhar
budh leis Teamhair, treabh na Niall;
béal Bearchán do bhí dhá labhra
budh rí ar seanchlár Banbha Brian.
-->
Cia is sine cairt ar chrích Néill
[27]
‘Sloinn,’ ar Fionnchú na bhfeart ngrinn,
‘cia, a Shéadna, shaorfas Éirinn
ar searg d’uaislibh cláir Chonnla
ón dáimh dhuaibhsigh dhanardha?’
[28]
‘Adhainfidh isan aird teas
aoibheal bheó ar nach bia dímheas
ó mbiad réidhshlighthe im ráith gCuinn;
éindrithle cháich san chogaill.
[29]
‘Gluaisfid Gréagaigh ghuirt Mháighe,
re a gcois sin sluagh combáidhe:
roighne triathGhall Teamhrach Breagh
is fialchlann mheanmnach Mhíleadh.
[30]
‘Féachfaid d’fhaobhraibh a n-arm dte —
cia díobh chlaoidhfeas a chéile? —
an sluagh fraochdha a fódmhuigh Chuinn
’s an ógbhaidh laochdha ó Lunnainn.
[31]
‘Sloinn, a phríomhfháidh phuirt nimhe,
ón troid-se a-taoi d’fháisdine
don dá chliathghasraidh cia an dream
‘ga mbia an t-iathmhagh-soin Éireann?’
[32]
‘Biaidh,’ ar Séadna na salm nglan,
– báidh leam clódh ar cath Lunndan! –
‘críoch Fhloinn ‘ga fionnGhallaibh féin
ón droing iodhlannaigh aigmhéil‘.
[33]
‘D’éis an treasa tig ‘nar ndiaidh
fan ngort bhfionnghlan-sa i bhfinnChliaigh
biaidh cladh do chnámhaibh Saghsan
nach sáraigh cradh comharsan‘.
-->
Cú Chulainn an chroidhe mhir
[27]
Cú Chulainn an chroidhe mhir
níor chuir riamh i rinn éigin
bríogh i gcréachtnughadh a chuirp
síol na n-éachtchuradh n-orrdhuirc.
[28]
An tráth fa dtigdis uile
i gCúigeadh chlann Rudhraidhe
níorbh uamhan le beithir mBreagh
sluaghadh na gceithir gcóigeadh.
[29]
Fir Éireann d’aonrún cogaidh
d’éis na Tána tángadair
d’fhios Eamhna na mbánshroth mbinn
ealbha ánrath fa Oilill.
[30]
Lingis i lámhaibh Ultach
an Cú fíochdha fóbartach
tré bhróin gcrannruaidh choille reann
i gcoinne armshluaigh Éireann.
[31]
Innlid ar Choin na ceardcha
a gcleasa áigh inneallta
uaisle an chuire chneisghil chaoimh
sa bhreisligh uile d’aontaoibh.
[32]
Leathtrom muinntire Meidhbhe
don chur-sa ar Magh Muirtheimhne
téid soin ar chéadfaidh gcatha
do Choin éachtaigh fhionnMhacha.
[33]
Gidh eadh tar éis a ndearna
ar chathaibh Chláir sheinMheadhbha
do créichtchiorrbhadh cneas an Chon
sa treas éichtiongnadh uathmhar.
[34]
Cuiris láimh – lór do phudhar –
d’éis a chuirp do chréachtnughadh
slat dob orsa d’fhine Ír
ar cridhe an Chon-sa an chleitín.
[35]
‘An croidhe ad-chiú ar n-a tholladh
go dul orm ní fheadamar
gur neamhchruaidhe ‘ná cur cloch‘
ar cur fhearchuaine Ultach.
[36]
Gé a-tá a-niogh ‘n-a chosair chró
níor shaoil mé – móide mh’iarghnó –
narbh iarann cruaidh mo chridhe‘
ar sduaigh ghrianfhonn nGáirighe
[37]
‘Bheith dom chroidhe d’fheoil nó d’fhuil
dá saoilinn‘ ar Cú an chleasraidh
‘fa chlár sreabhghlas na mbeach mbinn
leath a ndearnas ní dhingninn‘.
-->
Mór mhilleas an mheanma bhaoth: Dán Grádha 63
[1]
Mór mhilleas an mheanma bhaoth,
gach buaidhreadh tig dá taobh súd;
gach díoghbháil dá ndéantar lé
níor thuigeas féin gus a-nú.
[2]
Tug mise le meanmain bhaoith
ró toile, gidh taom gan chéll,
do mhnaoi nách inneóstar leam,
madh fada madh gearr mo ré.
[3]
Inghean bhéldearg na mbas n-úr,
grádh tre chiontaibh dá cúl slim,
do réir mh’aithne níorbh fhiú a lán;
dá madh fiú cách, níorbh fhiú sinn.
[4]
Éagóir do radas grádh baoth
dá gruaidh thibhrigh, dá taobh slim;
ag so a-nois an bás rem bhéal, —
beag an sgéal, ní misde linn.
[5]
Mo shuan corrach, uch, mo-nuar!
mo smuaineadh fuar fada ó chéll,
mo chroidhe luath, m’intinn bhocht, —
beag an t-iongnadh nách olc lé.
[6]
Ní dúsgadh dhamhsa, ní suan;
ní hiomdha neach len truagh mé;
acht gidh beag an sgéal mo bhás,
is déanta grás ar son Dé.
[7]
Uch, ach! gion gur chubhaidh rinn
bheith dhuitse tinn mar atám,
ní fáth gotha mar tá mé, —
ní don duine féin an grádh.
[8]
Ní hé mh’anam iarrfas sionn
do choimhéad do chionn ar ngníomh;
fóireadh mé le a míorbhail fén,
guidhim Máthair Dé go díon.
[9]
Focal beag dá briathraibh féin,
bíodh nách bhfuighinn é fá dhó,
dom thoil féin dá ndearnadh sí,
níorbh iarrtha dhamh ní badh mó.