Marbhadh Chloinne hUisnigh
- Source: Stories from Keating’s History of Ireland
- Léamh team: Wes Hamrick; Brendan Kane; Damian McManus; Pádraig A. Breatnach; Deirdre Nic Chárthaigh
- Description: Historical tale; 17th century
Is fada iomorra do bhí cogadh ⁊ coinbhliocht idir Chonnachtaibh ⁊ Ultaibh ré linn Mheidhbhe do bheith i gceannas Connacht ⁊ Chonchubhair ‘na rígh Uladh. Ionnus cheana go mbeith fios fátha na heasaonta tarla eatorra agat, a léaghthóir, cuirfead síos ann so mar do marbhadh Clann Uisneach tar slánadh nó tar choimirce Fhearghusa mheic Róigh ⁊ Chormaic Con-Loingeas ⁊ Dubhthaigh Daol Uladh. Ag so síos go cumair éirim na heachtra.
Lá n-aon iomorra dá ndeachaidh Conchubhar, rí Uladh, do chaitheamh fleidhe go teach Fheidhlimidh mhic Daill, sgéalaighe Chonchubhair, ⁊ ré linn na fleidhe sin rug bean Fheidhlimidh inghean álainn, ⁊ do-rinne Cathbhaidh Draoi, do bhí san chomhdháil an tan sin, tuar ⁊ tairngire don inghin, go dtiocfadh iomad dochair ⁊ díotha don chóigeadh dá toisg. Arna chlos sin don laochraidh, do thogradar a marbhadh do láthair.
Ní déantar, ar Conchubhar, acht béaraidh mise liom í, ⁊ cuirfead ar oileamhain í, go raibhe ‘na haon-mhnaoi agam féin.
Deirdre do ghairm an draoi Cathbhaidh dhi. Do chuir Conchubhar i lios ar leith í, ⁊ oide ⁊ buimeach dá hoileamhain, ⁊ ní lamhadh neach don chóigeadh dol ‘na láthair acht a hoide ⁊ a buimeach ⁊ ban-cháinteach Chonchubhair, dá ngairthí Leabharcham. Do bhí ar an ordughadh soin go beith ionnuachair dhi, ⁊ gur chinn ar mhnáibh a comhaimsire i sgéimh.
Tarla iomorra dá hoide laogh do mharbhadh ré proinn d’ollmhughadh dhise lá sneachta, ⁊ iar ndortadh fhola an laoigh san sneachta, cromais fiach dubh dá hól. Agus mar thug Deirdre sin dá haire, adubhairt ré Leabharchaim gomadh maith lé féin fear do bheith aice ar a mbeidís na trí datha at-chonnairc, mar atá, dath an fhéich ar a fholt, dath fola laoigh ar a ghruaidh, ⁊ dath an tsneachta ar a chneas.
Atá a shamhail sin d’fhior, ré ráittear Naoise mhac Uisneach, i bhfochair Chonchubhair san teaghlach.
Más eadh, a Leabharcham, ar sí, guidhim-se thusa fána chor dom agallaimh féin gan fhios.